English Gaeilge
  • Baile
  • Cúrsaí Bunscoile
  • WCECWSUM2209 Folláine Fíodóireachta: An tSíceolaíocht Dhearfach a Úsáid i Scoileanna - Cúrsa Samhraidh Ar Líne

WCECWSUM2209 Folláine Fíodóireachta: An tSíceolaíocht Dhearfach a Úsáid i Scoileanna - Cúrsa Samhraidh Ar Líne

Tríd an gcúrsa seo, foghlaimeoidh na rannpháirtithe straitéisí praiticiúla chun folláine i scoileanna a fheabhsú, do mhic léinn agus do mhúinteoirí araon. Scrúdófar coincheap na folláine agus tabharfar breac-chuntas ar réimse na Síceolaíochta Dearfaí, arb é eolaíocht na folláine é. Cuireann Síceolaíocht Dhearfach go leor straitéisí bunaithe ar fhianaise ar fáil chun athléimneacht agus folláine a chothú, agus tabharfar an deis do rannpháirtithe iad a iniúchadh ar leibhéal pearsanta, chomh maith le smaointe a fháil chun iad a chur i bhfeidhm i suíomh na scoile.


Soláthróidh samhail PERMA Seligman (2011) creat nithiúil chun Síceolaíocht Dhearfach a thuiscint. Seasann PERMA do Mothúcháin Dhearfacha, Rannpháirtíocht (Láidreachtaí Carachtair), Caidrimh, Brí agus Gnóthachtáil. Pléifear teoiric agus cur i bhfeidhm praiticiúil na n-eilimintí de PERMA chun folláine a fheabhsú i scoileanna. 


Clúdóidh an cúrsa freisin cur chuige scoile uile i leith folláine a chothú, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar smaointe chun an próiseas SSE a úsáid chun folláine a fheabhsú mar atá mínithe ag an Ráiteas Beartais Folláine agus Creat Cleachtais (ROS, 2018). Tabharfar breac-chuntas freisin ar an gclár Folláine Fíodóireachta, atá bunaithe ar Shíceolaíocht Dhearfach, agus scrúdófar smaointe praiticiúla lena chur i bhfeidhm.

Airíonna Imeachta

Dáta an Chúrsa 04-07-2022 9:00 am
Dáta Deireadh na hócáide 19-08-2022 5:00 pm
Cumas
Dáta scoite 19-08-2022 5:00 pm
Praghas Aonair Áirithint agus Íocaíocht Sheachtrach
Uaireanta Líon 20
An Cheantar Líne

Liostáil le Nuachtlitir

Seoladh

Ionad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí,
An Chearnóg,
Dún Mánmhaí,
Co Chorcaí

Eircode: P47 FH27


  • Fón 1: +353 (23) 8856756
  • Fón 2: +353 (23) 8856757
  • Facs:+353 (23) 8856752
  • r-phost: Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript chumas chun féachaint air.

Cúrsaí le Teacht