Cur i Láthair ar Chur Chuige Feasacht ar an Tráma - Gné an Struis - An Chothromaíocht Cheart a Fháil | Introducing a Trauma Informed Approach - The Stress Factor - Getting the Balance Right

05/25/2023

GA

Tá an-áthas ar NEPS cuireadh a thabhairt duit féin agus do d’fhoireann ár gcúrsa oiliúna ríomhfhoghlama nua saor in aisce a dhéanamh. Is é is teideal don chúrsa ná 'Folláine - Cur Chuige a gCuireann an Tráma Bonn Eolais Faoi: An Fachtóir Struis– An Chothromaíocht a Aimsiú i gCeart'. Díríonn an gearrchúrsa seo ar strus agus an tionchar a imríonn sé ar an bhfoghlaim, ar iompar agus ar fholláine. Tá idir cur chuige aitheanta agus nua, cur chuige atá bunaithe ar thaighde mar aon le taithí síceolaithe de chuid NEPS ag treorú na smaointeoireachta, an phleanáil agus na mbeart sa chúrsa seo. Is é aidhm na hoiliúna seo ná tacú le foireann scoile an athléimneacht a chothú do chách, chomh maith le scoláirí le riachtanais bhreise, iad siúd atá buailte ag an tráma agus iad siúd go bhfuil an saol ag dul crua orthu.

  • Cuireadh an cúrsa seo i dtoll a chéile d’fhoirne scoile in Éirinn, idir foirne bunscoile, iar-bhunscoile agus scoileanna speisialta.
  • I ndiaidh an chúrsa seo, cuirfear tuilleadh gearrchúrsaí ar fáil, cúrsaí a dhéanfaidh mionchíoradh ar réimsí ríthábhachtacha, mar shampla - tráma, ceangal, rialáil ar mhothúcháin agus féin-éifeachtúlacht.
  • Cruthaíonn an leagan amach atá ar an gcúrsa seo deis don fhoghlaim féintreoraithe agus don fhoghlaim féinluais. Ina theannta sin, is féidir le scoileanna tabhairt faoin oiliúint le chéile agus iad ag meascadh na modúil ríomhfhoghlama le seisiúin mhachnaimh, pleanála agus beart.
  • Tá 7 modúl i gceist sa chúrsa. I ngach modúl, tá cur i láthair i bhfoirm fhíseáin, gníomhaíochta mhachnaimh agus bileoga eolais gur féidir a hioslódáil. Tógann sé thart ar 2 1⁄2 uair a chloig an cúrsa a chur i gcrích.
  • Ar chríochnú an chúrsa, cuirfear teastas ar fáil.
  • Tá na hacmhainní agus na sleamhnáin cur i láthair ar fad ar fáil le híoslódáil más le linn an chúrsa féin agus ag deireadh an chúrsa.
  • Nóta: Agus tú ag clárú, bain úsáid as ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléid más é do thoil é.
  • Ní féidir clárú agus fón póca in úsáid agat.
  • Má tá aon cheist agat maidir leis an gcúrsa, nó má bhíonn aon deacrachtaí agat clárú, is féidir r-phost a sheoladh chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Cláraigh don chúrsa anseo

EN

NEPS are delighted to invite you and all your staff to complete our new free eLearning training course on 'Wellbeing - Introducing a Trauma Informed Approach - The Stress Factor, Getting the Balance Right'This short training course focuses on stress and its impact on learning, behaviour and wellbeing. Familiar and new approaches based on research and the experience of NEPS psychologists are used to guide thinking, planning and action. The training aims to support school staff to build resilience for all including students with additional needs and those affected by trauma and adversity.

Register for this course here

ESCI

Cuireann suíomh gréasáin ITOÉ (Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann) sceideal de na cúrsaí go léir ó Ionaid Tacaíochta Oideachais ar fáil go náisiúnta.

The ESCI (Education Support Centres Ireland website lists all available courses and events from Education Support Centres  nationwide.

CLÁRAIGH DON NUACHTLITIR | SUBSCRIBE TO NEWSLETTER

Seoladh
Address

IONAD TACAÍOCHTA OIDEACHAIS IARTHAR CHORCAÍ
West Cork Education Support Centre
AN CHEARNÓG
The Square
DÚN MÁNMHAÍ
Dunmanway
CO. CHORCAÍ
Co Cork

P47 FH27


  • GUTHÁN Phone 1:
     +353 (23) 8856756
  • GUTHÁN Phone 2:
     +353 (23) 8856757
  • FACS Fax:
    +353 (23) 8856752
  • RPHOST Email:
    This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.