2023
SCRÍOBH LEABHAR le Dr. Dympna Daly
Is iad Ionad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí i nDún Mánmhaí agus Foras na Gaeilge a eagraíonn tionscadal an ‘Scríobh Leabhar’. Do ghlac deich mbunscoil in Iarthar Chorcaí páirt i dtionscnamh an ‘Scríobh Leabhar’ i mbliana.
Na Scoileanna / The Schools
Scoil Mhuire Naofa, Dún Mánmhaí
An Mhodhscoil, Dún Mánmhaí
Scoil Mhuire Naofa, Inis Céin
Scoil Naomh Seosamh, An Sciobairín
Gaelscoil Chionn tSáile
Gaelscoil Dhroichead na Banndan
Scoil Eoin, Inis Eonáin
Scoil Náisiúnta Chaisleán Uí Dhonnabháin
Scoil Náisiúnta na Caolchoille
Scoil Dhairbhre, Cloch na Coillte
Deis atá anseo do gach páiste bunscoile leabhair a Scríobh as Gaeilge.
Faoin tionscnamh bliantúil ‘Scríobh Leabhar’, rinne 609 dalta ó 10 scoil in Iarthar Chorcaí a gcuid leabhar féin i nGaeilge a chumadh, a dhearadh agus a fhoilsiú agus tugadh aitheantas dóibh as a gcuid iarrachtaí ag Taispeántas a d’eagraigh Ionad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí. D’éascaigh an múinteoir Máire de Paor, cainteoir líofa Gaeilge agus Cormac Ó hAodha, cainteoir dúchais as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí i gCo. Chorcaí é seo. Cuireadh siamsaíocht ar fáil do na páistí le scéalaíocht agus amhránaíocht. Bhí ‘An Fathach’ mar scéal ag Máire agus bhí an t-amhrán Múscraíoch ‘An Poc Ar Buile’ ag na páistí á chanadh le Cormac.
Cúis áthais d’Ionad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí tionscnamh fiúntach mar seo a óstáil chun tacú le Forbairt na Gaeilge ar fud ár gcóras oideachais. Is iad na páistí cruthaitheoirí a saothar féin agus bíonn siad bródúil as a gcuid scéalta a chur ar taispeáint agus a léamh le linn thaispeántas Scríobh Leabhar. Cuidíonn sé seo le forbairt inniúlachta agus muiníne sa Ghaeilge ag aois an-óg.
The Scríobh Leabhar project is organised by West Cork Education Support Centre in Dunmanway and Foras na Gaeilge.
Ten primary schools in West Cork participated in the Scríobh Leabhar initiative this year.
Under the annual ‘Scríobh Leabhar’ project, 609 pupils from 10 West Cork Schools composed, designed and published their own books in Irish and were recognised for their endeavours at a Taispeántas organised by the West Cork Education Support Centre. This was facilitated by teacher Maria Power, a fluent Irish speaker and Cormac Ó hAodha, a native speaker from Cúil Aodha in the Múscraí Gaeltacht of Co. Cork. The children were entertained with storytelling and song – the story was ‘An Fathach’ read by Máire, and Cormac sang the Múscraí song ‘An Poc Ar Buile’ with the children.
West Cork Education Support Centre is delighted to host such a worthwhile initiative in support of Irish Language Development throughout our education system. The children are the creators of their own work and are proud to display and read their stories during the Scríobh Leabhar exhibition. This contributes to a development of competence and confidence in the Irish Language at a very young age.